Michelle O Riordan

Michelle O Riordan

Photographer: Moira Sweeney

Usage rights: COMHAR

Date: 28 June 2024

Setting: The Grand Canal, Dublin

Saolaíodh agus tógadh Michelle i gCathair Chorcaí, láimh le Coláiste Ollscoile Chorcaí, áit ar ghnóthaigh sí BA (1981) agus PhD (1985). Teanga agus Litríocht na Gaeilge, chomh maith leis an Stair, na hábhair a bhí aici sa chéim.

Bronnadh comhaltacht iar-dhochtúireachta uirthi i gColáiste Ollscoile na Ríona, Béal Feirste, agus chaith sí tréimhsí éagsúla ag múineadh sa Choláiste Ollscoile sin agus i gColáistí Ollscoile na Gaillimhe, Chorcaí agus Chathair Átha Cliath (Coláiste Phádraig) thar na blianta. Ollamh is ea í, faoi láthair, in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Tá Michelle ina léirmheastóir ar litríocht na Gaeilge agus an Bhéarla araon, agus go leor alt léi foilsithe in irisí liteartha agus acadúla. Ar na leabhair acadúla Ghaeilge atá scríofa aici tá Múinidh dom glao: Éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge (Leabhar Breac, 2016). Stair na hÉireann arna léiriú óna hiniúchadh ar litríocht na Gaeilge is mó is spéis léi. Sa réimse sin tá na leabhair Poetics and Polemics: reading seventeenth-century Irish political verse (Cló Ollscoile Chorcaí, 2021); Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (Cló Ollscoile Chorcaí, 2007), agus The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World: a study in the motifs of Irish bardic poetry (Clo Ollscoile Chorcaí, 1995).

Údar/tiomsaitheoir sraithe seachtraí leabhrán don fhoilsitheoir FÁS is ea í, chomh maith – i measc na leabhrán sin tá Muire na mBard (FÁS, 2016) agus Glóraigí an Tiarna: sailm, cainticí, dánta, agus iomainn ag moladh Dé, Cruthaitheoir na Cruinne (FÁS, 2023).

Michelle O Riordan was born and reared in Cork city, ‘next door’ to University College Cork. Her primary degree in History and Irish led to studies for a doctoral degree in UCC, and to a post-doctoral fellowship in Queen’s University, Belfast. She is widely published in academic and literary journals, both in Irish and in English. Reading Irish history through the insights to be found in Irish literature is her principal academic focus. She is the author of a number of substantial monographs on these topics.

She has also published smaller works and reviews on particular aspects of Irish literature and history, including studies on the vocative case in Irish poetry, and on the nature and context of the woodcut images in John Derricke’s The Image of Irelande, with a Discoverie of Woodkarne (1581), in ‘ …“for pleasure and delight of the well disposed reader”: Chun áineasa agus meidhréise an léitheora méinigh’, in P. Ó Macháin, P. Riggs, S. Ó Coileáin, eag., Séimhfhear Suairc: aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Conchúir (An Sagart: Maigh Nuad, 2013).

Birth date: 1961

Share this portrait:

Níl aon amhras, áfach, go n-iompaítear ón gcoitiantacht seo, agus go n-ardaítear friotal an chaointe go leibhéal lasmuigh de neamhphearsantacht an chaointe choitinn nuair a shloinntear Art Ó Laoghaire as a ainm dílis féin agus as ainmneacha a shinsir:

Mo chara is mo lao thu!

A Airt Uí Laoghaire

Mhic Conchubhair, Mhic Céadaigh,

Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,

Aniar ón nGaortha

Is anoir ón gCaolchnoc,

Mar a bhfásaid caora

Is cnó buí ar ghéagaibh

Is úlla 'na slaodaibh

'Na n-am féinig.
Cárbh ionadh le héinne
Dá lasadh Uíbh Laoghaire
Agus Béal Átha an Ghaorthaigh
Is an Guagán naofa
I ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
A níodh an fiach a thraochadh
Ón nGreanaigh ar saothar
Nuair stadaidís caol-choin?

Feidhmíonn úsáid ghairmeach an ainm dhílis anseo mar phearsantú sonraíoch a chinntíonn gurb é Art Ó Laoghaire, Conchubairagus Céadaighatá i gceist sa chaoineadh seo. Agus mar threisiú ar an bpearsanú dealaitheach seo, ceanglaítear an fear marbh lena cheantar dúchais, lena dhúthaigh féin agus le cúlra na muintire—áiteanna atá anois, dá éagmais, á chaoineadh. Buaic mhothálach sa chaoineadh is ea na línte seo a mhúsclaíonn macalla as an traidisiún léannta agus as gnásanna na caointeoireachta féin. Is mó éifeacht mhothálach an ghairmigh agus agaillt an ainm dhílis i bhfianaise na gairme neamhphearsanta ceana tríd an gcaoineadh, agus fiú i gcomparáid le húsáid an ainm phearsanta loim ‘a Airt’ ‘a Airt Uí Laoghaire’.

Feidhm shofaisticiúil fíor-éifeachtúil a bhaintear as an teannas ealaíonta a chruthaítear anso idir na téarmaí ceana: ‘mo ghrá thu is mo rún’, an t-ainmniú lom cé gur gairmiú iomlán atá ann—ainm agus sloinne ‘Airt Uí Laoghaire’—agus an ráiteas foirmiúil, dínitiúil, maorga, dúchasach: ‘Airt Uí Laoghaire / Mhic Conchubhair, Mhic Céadaigh, / Mhic Laoisigh Uí Laoghaire’. Na healaíne saothraithe agus análuithe ag an traidisiúin léannta is ea na línte seo. Cuireann an t-ainmniú sonraithe seo bonn faoin gcaoineadh agus faoin tuiscint gur dhuine ar leith, duine mór le rá, duine gur lúide a mhuintir agus a cheantar dá cheal, atá caillte. Seasann an t-ainmniúchán, an gairmeach foirmiúil maorga seo amach i bhfianaise thíriúlacht friotail an chaointe i gcoitinne. Músclaíonn sé macallaí an traidisiúin léannta a chuireann tathag agus substaint faoin gcaoineadh álainn seo, agus a dhealaíonn é ó chaointe eile agus ó dhreasanna fánacha a d'fhéadfadh greamú le déantúis bhéil den tsórt seo.

Sliocht as Múinídh dom Glao (Cló Iar-Chonnacht, 2018), 39-41

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00