Gearailt Mac Eoin

Gearailt Mac Eoin

Photographer: Bill Doyle

Usage rights: Foras na Gaeilge

Bhí baint aige le gluaiseacht na teanga i rith a shaoil. A bhuí lena áitiú ghlac an Sunday Tribune le scéalta i nGaeilge ar leathanach ‘New Irish writing’ agus glacadh le hiarratais i nGaeilge ar dhuaiseanna liteartha Hennessy. Bhíodh ailt aige in The Irish Times ó am go ham. Foilsíodh trí chnuasach dá dhánta: Labhraí Loingseach (1988), Sneachta Cásca (1991) agus Néalta taistil (1994). Ainmníodh a chnuasach gearrscéalta, Brocairí Bhedlington agus scéalta eile (1996), le haghaidh Duais Liteartha The Irish Times. Ghnóthaigh sé trófaí Chonradh na Gaeilge ag Féile Filíochta Dhún Laoghaire, 1992, agus sparánacht liteartha na Comhairle Ealaíon 2001 de thoradh Sliogán an mhuirín agus scéalta eile (neamhfhoilsithe).

Best known as a poet, short story writer and translator, also an occasional Irish Times columnist, Mac Eoin had a lifelong involvement in the Irish language movement. Author of three poetry collections and two short story collections, his awards included the Conradh na Gaeilge trophy at Dún Laoghaire Poetry Festival, 1992, and the Arts Council literary bursary, 2001. With Gabriel Rosenstock he published a translation of Yeats’ poetry to Irish, Byzantium (1991). He edited Rosenstock’s translation of 30 Zen Haiku (1994) by J. W. Hackett. His translation of Deoraíocht by Pádraig Ó Conaire, Exile (1994), was shortlisted for ‘Aristeion’, the European Council prize.  

Birth date: 28 March 1928

Place of birth: Palmerston, Co. Dublin

Death date: 25 September 2008

Links: Biography on Ainm.ie »

Share this portrait:

Nuair a chuirtear duine in aithne dhom mar shaineolaí ar ábhar éigin, ní hé go leagaim mo lámh ar mo phiostal, ach bím in amhras ar an duine láithreach. Go háirithe ós rud é go dtugtar saineolaí orm féin ar chúrsaí dlí na mara agus a fhios agam nach ndéanfainn mo chuid féin d’iomlán an ábhair sin amháin, dá mairfinn céad. Agus cé go n-íoctar táillí arda comhairleora dhom i ngeall ar ainm an tsaineolaí a bheith amuigh orm i measc lucht árachais agus lucht loingseoireachta, ní gnách meas uisce na bhfataí féin a bheith agam ar an té a thabharfadh saineolaí de chineál ar bith air féin.

Sa Hotel Trianon a d’fhanainn ar mo chuaird go hAmstardam agus mé ag cleachtadh mo cheirde. Óstán beag saor atá ann in aice leis an Mueseumplein. Mar dhuine a bhíonn ag iarraidh a bheith beo ar a chonlán féin, feileann an costas mo phóca agus tá seomra beag ciúin ann le deasc, fón, agus facs, inar féidir liom beagán oibre a dhéanamh nuair a bhíonn sin riachtanach. Rud eile dhe, is muintir na háite is mó a chleachtaíonn an caifé ann san oíche, agus cuirim an t-am thart leo roimh dhul a chodladh le cluiche nó dhó 45 agus le kleine pils nó dhó, nó trí. Agus is cairde liom cuid mhaith acu faoin am seo.

As ‘Saineolaithe’, Brocairí Bhedlington agus Scéalta Eile (Comhar, 1996), lch. 61.