Marie Whelton

Marie Whelton

Grianghrafadóir: Lára Ní Mhaoláin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 4 Márta 2023

Suíomh: Institiúid Oideachais Marino

Is as Cúirt Mhic Shéafraidh, Iarthar Chorcaí, do Marie Whelton ó dhúchas. Is Léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath. Sular ceapadh sa ról sin í, d’oibrigh sí mar mhúinteoir meánscoile (Gaeilge agus Oideachas Reiligiúnach) i Scoil Mhuire, An Longfort, agus mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhronn An Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta Scoláireacht Rialtas na hÉireann uirthi chun gabháil dá staidéar dochtúireachta faoin Ollamh Máire Ní Annracháin agus foilsíodh leabhar bunaithe ar a tráchtas: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ghnóthaigh a céad úrscéal, Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013) duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, ‘Duais Chuimhneacháin Seamus Heaney’ uirthi sa bhliain 2014. B’údar í, freisin, ar Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017); Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018) agus Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021). I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí théacsleabhar do mhúinteoirí bunscoile (IOM, 2006, 2008, 2009) – múinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear agus a thugann faoin gCáilíocht sa Ghaeilge – agus, sa bhliain 2018, ba chomhúdar í ar thairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino. Rinne Marie comheagarthóireacht ar dhá chnuasach d’aistí gearra (IOM, 2016; Réalta an Deiscirt, 2022) agus ar eagrán speisialta den iris phiarmheasta, COMHARTaighde (2020). Tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge agus, sa ról sin, bíonn sí páirteach in athbhreithniú agus in eagarthóireacht leabhar liotúirgeach i nGaeilge.

Marie Whelton is a native of Courtmacsherry, West Cork, and it was there that her interest in language and learning was first awakened by her mother, Noreen, and by her primary school teachers at Scoil Mhuire, Barraigh Rua. She is a Lecturer in Irish (Language and Literature) at Marino Institute of Education, an associated College of Trinity College Dublin. Before she was appointed to that role, she worked as a secondary school teacher (Irish and Religious Education) in Scoil Mhuire, Longford, and as an Irish-language tutor in Maynooth University. She was awarded a Government of Ireland Scholarship by The Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences to undertake her doctoral studies under Professor Máire Ní Annracháin and a book based on her dissertation was published as Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). She was awarded a prize for her first novel, Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013), at the Oireachtas Literary Awards and in 2014, she was awarded the ‘The Seamus Heaney Memorial Prize’ by Poetry Ireland/INTO. She is also the author of Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017); Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018) and Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021). In collaboration with Aodán Mac Suibhne, she co-wrote three textbooks (IOM, 2006, 2008, 2009) for primary teachers who qualify abroad and who undertake The Irish-Language Requirement examinations, and, in 2018, she co-authored the successful tender which resulted in a Bachelor in Education Through the Medium of Irish Degree Programme being offered at Marino Institute of Education. She was co-editor of two collections of short essays (IOM, 2016; Réalta an Deiscirt, 2022) as well as a special issue of the peer-reviewed academic journal, COMHARTaighde (2020). As Chairperson of Coiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge, Marie is part of a team which is involved in reviewing and editing Irish-Language liturgical books.

Scaip an phortráid seo:
Pietà
In memoriam W. F., 1951-2014

Aimsir na Nollag, Dhá Mhíle agus a Trí Déag,
theastaigh uaithi cuairt a thabhairt ort,
a corp díoscánach ag bliain is nócha,
ach le cabhair ó do dheartháir,
d’éirigh léi í féin a chur isteach sa ghluaisteán.
Thiomáineamar ó do theach feirme,
síos an cabhsa gairbhéil ar dtús,
tríocha míle soir ó thuaidh ansin, go himeall chathair Chorcaí.

I bhforhalla an ospidéil, thug póirtéir cathaoir rotha di,
bhí orainn RTÉ Guide a cheannach duit sa siopa beag,
ní fhéadfainn a rá léi nach mbeifeá in ann é a léamh.
Lasmuigh de dhoras do sheomra in íoslach na hoinceolaíochta,
níomar ár lámha go deasghnách i ndíghalrán,
róbáil mé í i naprún plaisteach.
D’oscail sí do dhoras agus bhrúigh mé a cathaoir suas in aice le do leaba.
Ba léir ó do ghnúis go bhfuair tú sólás óna meangadh.

D’fhuinneamh ídithe ag radaiteiripe.
Do theanga ag greamú do do bhéal.
Dath bán-liath ar na ballaí agus ar do chraiceann.
Fulaingt gan chlamhsán, sáimhríocht i do láthair.
Spéis agat fós san fheirm – buairt ort go dtógfadh an ghaoth mhór
an díon ó sheanchró na mbeithíoch,
‘an bhuairt chéanna ar do dheartháir sa bhaile,’ a dúirt sí,
‘geimhreadh fada gan taise.’

Dhearc sí go ceansa ort, toradh ceanáin a broinne.
Shín sí lámh amach chugat, thóg tú an lámh chéanna,
tadhall láimhe caoin cineálta. Láithreacht Réalta.
Lena lámh eile thóg sí spúinse glas ó do ghloine uisce,
ach theip uirthi é a ardú chuig do bhéal,
chuidigh mé léi agus ghlac tú le tál do sheanbhuime.
In ainneoin an chárta Nollag ó Mheiriceá os cionn do leapa,
ba í do mháthair an bhean ba thábhachtaí i do shaol fós.

Níor phós tú riamh ach ba thorthúil do thréimhse ar an talamh.
Gach maidin, líontá taiscumar na huachtarlainne le bainne.
Gach fómhar, líontá an muileann le heorna órga.
Gach lá, thugtá gean athar dúinne, páistí do dheirféar...
I lár Mhí Eanáir, Dhá Mhíle agus a Ceathair Déag,
shuigh do mháthair arís i gcathaoir rotha,
do chónra agus carn d’ithir shaibhir Bharra Rua in aice léi.
Sheas míle duine eile léi, ag d’uaigh, san fhuacht feanntach.

Foilsithe in Comhar, Iml. 75, Uimh 3, Márta, 2015, lch 7.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00